The National Parents and Students Leaving Certificate Helpline 1800 265 165 will operate from Friday 23 August -Saturday 31 August.
The Helpline is a free-phone service provided to Leaving Certificate students and their parents and guardians during the period when exam results become available. It will provide support and information relating to the results and on all pathways including CAO, apprenticeships, Further Education and Training (FET) and more. It will also be open to those who didn’t sit their leaving certificate in 2024 but need further information.
The Helpline is staffed by professional and experienced guidance counsellors who will deliver one-to- one support to parents and students. The guidance counsellors involved in the helpline are members of the Institute of Guidance Counsellors (IGC). The National Parent and Student Leaving Cert Helpline is supported by the Department of Education, the National Parents’ Council, the Irish Second Level Students’ Union (ISSU) and Trinity College Dublin.
Minister for Education Norma Foley TD said: “The National Parents and Students Helpline is an invaluable resource for students and their parents/guardians. This welcome resource runs from the release of the results to the 31 August and affords students and their families the opportunity to speak to professional and experienced guidance counsellors, who can provide relevant information, reassurance and of course support about their current and future options. I would like to thank all those who support the delivery of the Helpline”.
President of The Institute of Guidance Counsellors, Catríona Rodgers, said: “On behalf of the IGC and our members who provide guidance across the lifespan, I would like to congratulate the students, and their families, who received their results today. The Leaving Certificate and Leaving Certificate Applied is the first step on your pathway. Students have many options and opportunities in the Further Education and Training sector, National Tertiary Office, Higher Education and employment pathways. If you have any questions or are unsure of what’s next, please get in touch with the Helpline at 1800 265 165. Our guidance counsellors are here to help you”.
CEO of the National Parents Council, Áine Lynch said: “The NPC is again delighted to support the National Parents and Students Leaving Certificate Helpline. When results arrive, some students, can have more questions than answers regarding their next steps. The Helpline is a vital support for students and parents who have any questions or concerns when navigating the many pathways and options available. The guidance counsellors answering the helpline calls will be able to help students with the support of their parents make sense of their available opportunities.”
Jack McGinn, President of the Irish Second-Level Students' Union (ISSU), said: “The ISSU are delighted to collaborate in a partnership between the Department of Education, National Parents' Council (NPC), the Institute of Guidance Counsellors, funded by Trinity College Dublin to launch the National Parent and Students' Leaving Certificate Helpline. We understand that sometimes the results received may leave original doors closed and plans disordered. The helpline is staffed by qualified IGC guidance counsellors who can help students to find their path. We know this time of year is daunting to many and the helpline is in place to provide support and guidance to students.”
Professor Orla Sheils, Vice-Provost and Chief Academic Officer in Trinity College Dublin, said: “Trinity College Dublin is delighted to support the National Students and Parents Leaving Certificate Helpline this year. We recognise that it can be daunting for students after they receive their Leaving Certificate results, and they and their parents may have questions about the various options available to them. This Helpline has been set up to ensure that students and parents get the correct answers, and the right support to help them make the best decision for the next steps at this very exciting time.”
Guidance counsellors can provide information and support on a whole range of issues, for example, calculating CAO points, examination result rechecks, accepting an offer, failing a subject, repeating and viewing of scripts. Students and parents may also have questions relating to course information, preference order, no offer, further education and training options, apprenticeships, private colleges, UNICAS, UCAS, CAO, registration fees and gap years.
Those seeking support and information can contact the Helpline on 1800 265 165 and all queries will be dealt with in a professional and confidential manner.
This year, students will receive Leaving Certificate and Leaving Certificate Applied results on 23rd of August.
To speak to a guidance counsellor, call the Helpline number: 1800 265 165.
The opening hours of the National Parents and Students Leaving Cert Helpline 2024 are:
Tá Líne Chabhrach Saorghlao Náisiúnta na hArdteistiméireachta do Thuismitheoirí agus do Scoláirí ag oscailt ar an 23 Lúnasa: 1800 265 165
Beidh Líne Chabhrach Náisiúnta na hArdteistiméireachta do Thuismitheoirí agus do Scoláirí 1800 265 165 ag feidhmiú ó Dé hAoine an 23 Lúnasa – Dé Sathairn an 31 Lúnasa.
Is seirbhís saorghlao í an Líne Chabhrach a chuirtear ar fáil do scoláirí na hArdteistiméireachta agus a dtuismitheoirí agus a gcaomhnóirí le linn na tréimhse nuair a bheidh na torthaí ar fáil. Cuirfear tacaíocht agus eolas ar fáil maidir leis na torthaí agus maidir leis na conairí ar fad lena n-áirítear an Lár-Oifig Iontrála (CAO), printíseachtaí, Breisoideachas agus Oiliúint (FET) agus araile. Beidh sí oscailte freisin dóibh siúd nach ndearna a nArdteistiméireacht in 2024 ach a bhfuil tuilleadh eolais ag teastáil uathu.
Is iad treoirchomhairleoirí atá oilte agus a bhfuil taithí acu atá mar bhaill foirne den Líne Chabhrach a chuirfidh tacaíocht duine le duine ar fáil do thuismitheoirí agus do scoláirí. Is iad na treoirchomhairleoirí atá bainteach leis an líne chabhrach ná baill d’Institiúid na dTreoirchomhairleoirí (IGC). Faigheann Líne Chabhrach Náisiúnta na hArdteistiméireachta do Thuismitheoirí agus do Scoláirí tacaíocht ón Roinn Oideachais, ó Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí, ón Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann (ADIÉ) agus ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley TD: “Is acmhainn shárluachmhar í An Líne Chabhrach do Thuismitheoirí agus Scoláirí do scoláirí agus dá dtuismitheoirí/gcaomhnóirí. Ritheann an acmhainn a bhfuil fáilte roimpi ón uair a eisítear na torthaí go dtí an 31 Lúnasa agus tugann sí an deis do scoláirí agus dá dteaghlaigh labhairt le treoirchomhairleoirí gairmiúla a bhfuil taithí acu, atá in ann eolas ábhartha, athdhearbhú agus tacaíocht, ar ndóigh, a chur ar fáil faoina roghanna reatha agus amach anseo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd ar fad a thugann tacaíocht leis an Líne Chabhrach a sheachadadh”.
Dúirt Uachtarán Institiúid na dTreoirchomhairleoirí, Catríona Rodgers: “Thar ceann an IGC agus ár mball a chuireann treoir ar fáil thar an tréimhse saoil, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na scoláirí, agus lena dteaghlaigh, a fuair a gcuid torthaí inniu. Is í an Ardteistiméireacht agus an Ardteistiméireacht Fheidhmeach an chéad chéim ar do chonair. Tá cuid mhór roghanna agus deiseanna ag scoláirí in earnáil an Bhreisoideachais agus na hOiliúna, san Oifig Thrasachta Náisiúnta, san Ardoideachas agus i gconairí fostaíochta. Má tá aon cheisteanna agat nó mura bhfuil tú cinnte faoi cad í an chéad chéim eile, téigh i dteagmháil leis an Líne Chabrach le do thoil ag 1800 265 165. Tá ár dtreoirchomhairleoirí anseo chun cuidiú leat”.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí, Áine Lynch: “Is cúis áthais don NPC tacaíocht a thabhairt arís do Líne Chabhrach Náisiúnta na hArdteistiméireachta do Thuismitheoirí agus Scoláirí. Nuair a thagann na torthaí, d’fhéadfadh níos mó ceisteanna ná freagraí a bheith ag roinnt scoláirí maidir leis na chéad chéimeanna eile a ghlacfaidh siad. Is tacaíocht ríthábhachtach í an Líne Chabhrach do scoláirí agus do thuismitheoirí a mbíonn ceisteanna nó ábhair imní ar bith acu agus a mbealach á dhéanamh acu trí na conairí agus roghanna atá ar fáil. Beidh na treoirchomhairleoirí a fhreagraíonn na glaonna ar an líne chabhrach in ann cuidiú le scoláirí le tacaíocht a dtuismitheoirí le ciall a bhaint as na deiseanna atá ar fáil dóibh.”
Dúirt Jack McGinn, Uachtarán Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann (ADIÉ): “Tá ríméad ar ADIÉ comhoibriú a dhéanamh i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí (NPC), Institiúid na dTreoirchomhairleoirí, arna mhaoiniú ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, le Líne Chabhrach Náisiúnta na hArdteistiméireachta do Thuismitheoirí agus Scoláirí a lainseáil. Tuigimid uaireanta go mb’fhéidir go mbeidh bundoirse dúnta agus pleananna trína chéile mar thoradh ar na torthaí a fhaightear. Is iad treoirchomhairleoirí cáilithe de chuid an IGC atá mar bhaill foirne den Líne Chabhrach atá in ann cuidiú le scoláirí lena gconair a aimsiú. Tá a fhios againn gur am scanrúil é an t-am seo den bhliain do chuid mhór daoine agus tá an líne chabhrach ann chun tacaíocht agus treoir a chur ar fáil do scoláirí.”
Dúirt an tOllamh Orla Sheils, Leas-Phropast agus Príomhoifigeach Acadúil i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: “Tá lúcháir ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, tacú le Líne Chabhrach Náisiúnta na hArdteistiméireachta do Scoláirí agus Tuismitheoirí i mbliana. Aithnímid gur féidir leis a bheith scanrúil do scoláiri tar éis dóibh a dtorthaí Ardteistiméireachta a fháil, agus d’fhéadfadh ceisteanna a bheith acu féin agus ag a dtuismitheoirí faoi na roghanna éagsúla atá ar fáil dóibh. Cuireadh an Líne Chabhrach seo ar bun lena chinntiú go bhfaigheann na scoláirí agus tuismitheoirí na freagraí cearta, agus an tacaíocht cheart chun cuidiú leo an cinneadh is fearr a dhéanamh do na chéad chéimeanna eile ag an am iontach seo.”
Is féidir le treoirchomhairleoirí eolas agus tacaíocht a chur ar fáil ar réimse iomlán saincheisteanna, mar shampla, pointí CAO a ríomh, athsheiceálacha ar thorthaí scrúdaithe, tairiscint a ghlacadh, ábhar a theip, athdhéanamh agus breathnú ar scripteanna. B’fhéidir go mbeidh ceisteanna ag scoláirí agus ag tuismitheoirí freisin maidir le heolas faoi chúrsa, ord roghanna, gan aon tairiscint, roghanna breisoideachais agus oiliúna, printíseachtaí, coláistí príobháideacha, UNICAS, UCAS, CAO, táillí clárúcháin agus briseadh bliana.
Is féidir leo siúd atá ag lorg tacaíochta agus eolais teagmháil leis an Líne Chabhrach ar 1800 265 165 agus ba chóir déileáil leis na fiosruithe uile ar bhealach gairmiúil agus rúndachta.
I mbliana, gheobhaidh scoláirí torthaí na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí ar an 23 Lúnasa.
Chun labhairt le treoirchomhairleoir, glaoigh ar an uimhir den Líne Chabhrach: 1800 265 165.
Is iad seo a leanas uaireanta oscailte Líne Chabhrach Náisiúnta na hArdteistiméireachta do Thuismitheoirí ags Scoláirí, 2024:

