Tréimhse Ama ar Scoil

Tréimhse Ama ar Scoil

Call the NPC Helpline 01 887 4477
Meta Logo
Curve design shape

Bí i dteagmháil le do thoil leis an Líne Chabhrach trí ghlaoch ar 01 8874477 nó ríomhphost a sheoladh chuig: helpline@npc.ie chun eolas níos mionsonraithe a fháil.

Cad é an scoilbhliain?

Ritheann an scoilbhliain ó thús mhí Mheán Fómhair go dtí deireadh mhí an Mheithimh, le saoire de thart ar 2 seachtaine don Nollaig agus don Cháisc agus sosanna níos lú idir eatarthu. Cé go bhfuil dátaí áirithe ann a mbíonn ar scoileanna a bheith dúnta, bíonn roinnt laethanta éagsúla i gceist agus ba chóir do gach scoil liosta de na huaire oscailte, laethanta saoire, leath laethanta, cruinnithe foirne, sosanna lár-téarma a thabhairt duit ag tús na scoilbhliana.

Tá an scoilbhliain caighdeánaithe ó thaobh saoire faoi Nollaig agus faoi Cháisc agus an sos lár-téarma sa chéad agus sa dara téarma scoile maidir leis na scoilbhlianta 2008/9, 2009/10 agus 2010/11.

Caighdeánú na Scoilbhliana i leith Bunscoileanna & Iar-bhunscoileanna do na scoilbhlianta 2018/19

Ní riachtanas é go mbeadh tosach ná deireadh na scoilbhliana caighdeánaithe ag an mbunleibhéal ná ag an iar-bhunleibhéal. Bíodh is gur ceadaithe do scoileanna, áfach, a gcuid laethanta lánroghnacha a úsáid, áit a bhfuil siad le fáil, chun tosach agus deireadh na scoilbhliana a chinneadh go cruinn, aithnítear go gciallóidh tosach na Scrúduithe Teastais nach mbeidh iar-bhunscoileanna ar oscailt chun teagasc a thabhairt tar éis na hAoine roimh lá saoire bainc mhí an Mheithimh i mbliain ar bith. Bítear ag súil go dtosnóidh an scoilbhliain de ghnáth i rith na seachtaine ina dtiteann 1 Meán Fómhair. Is féidir, áfach, tús a chur leis an scoilbhliain an tseachtain roimh an tseachtain ina dtiteann 1 Meán Fómhair i gcúinsí, nuair nach mbeadh sé inoibrithe muna ndeanfaí a leithéid, go mbeadh sé deacair ar an scoil cloí leis an riachtanas foriomlán chun bheith ar oscailt ar feadh íosmhéid 167 lá ag an leibhéal iar-bhunscoile agus 183 lá ag an leibhéal bunscoile agus, ina leithéid de chásanna, ba chóir don scoil a dheimhniú go mbíonn an dáta tosaithe chomh cóngarach agus is féidir do thús Mheán Fómhair. Cuimhníodh scoileanna nach n-áireofar mar lá iomlán scoile lá ar bith a sholáthraíonn scoil níos lú ná lá iomlán teagaisc chun críche na riachtanais fhoriomlána bheith ar oscailt ar feadh íosmhéid 167 lá ag an iar-bhunleibhéal agus 183 lá ag an mbunleibhéal a chomhlíonadh.

Sos lár-téarma Dheireadh Fómhair 2018
Dúnfar na scoileanna uile ón Luan, 29 Deireadh Fómhair 2018, go dtí an Aoine, 2 Samhain 2018, san áireamh.

Nollaig 2018
Dúnfar na scoileanna uile ar an Aoine, 21 Nollaig 2018, a bheidh mar lá deiridh an téarma scoile. Osclófar na scoileanna uile arís ar an Luan, 7 Eanáir 2019.

Sos lár-téarma na Feabhra 2019
Dúnfar na bunscoileanna uile ar an Déardaoin, 21 Feabhra 2019, agus ar an Aoine, 22 Feabhra 2019. (Is ceadaithe do bhunscoileanna 3 lá lánroghnacha a úsáid chun an sos seo a fhadú mar mhalairt rogha go dtí sos 5 lá don tréimhse ón Luan, 18 Feabhra 2019, go dtí an Aoine, 22 Feabhra 2019, san áireamh mura bhfuil gá le socruithe teagmhasachta chun cúiteamh as am a cailleadh de bharr dúntaí scoile gan choinne.) Dúnfar iar-bhunscoileanna ón Luan, 18 Feabhra 2019, go dtí an Aoine, 22 Feabhra 2019, san áireamh mura bhfuil gá le socruithe teagmhasachta chun cúiteamh as am a cailleadh de bharr dúntaí scoile gan choinne. Áit a bhfuil gá le socruithe teagmhasachta is ceadaithe d’údarás scoile fad shos lártéarma na Feabhra a laghdú trí fhanacht ar oscailt suas go dtí an Chéadaoin, 20 Feabhra 2019, an lá sin san áireamh.

Cáisc 2019
Dúnfar na scoileanna uile ar an Aoine, 12 Aibreán 2019, a bheidh mar lá deiridh an téarma scoile mura bhfuil gá le hathruithe chun cúiteamh as am a cailleadh de bharr dúntaí scoile gan choinne. Áit a bhfuil gá le socruithe teagmhasachta is ceadaithe d’údarás scoile fad shos na Cásca a laghdú trí fhanacht ar oscailt suas go dtí an Chéadaoin, 17 Aibreán 2019, an lá sin san áireamh. Osclófar na scoileanna uile arís ar an Luan, 29 Aibreán 2019.

Ciorclán

Cá fhad atá an lá scoile?

Tosaíonn ranganna de ghnáth idir 9am agus 9.30am. Maireann lá scoile 5 uaire agus 40 nóiméad. Osclaíonn scoileanna ó Luan go hAoine. Áirítear leis sin tréimhse tionóla, glaoch an rolla agus sosanna.

Bíonn sos ann de ghnáth ar maidin ag thart ar 11 am agus sos lóin thart ar 12.30 pm. Tá sé tábhachtach go dtabharfá bia agus deoch sláintiúil do do leanbh don dá sos sin. Spreagtar ithe sláintiúil i scoileanna agus iarrtar ar thuismitheoirí i go leor scoileanna gan milseáin, seacláid, criospaí ná deochanna súilíneacha a thabhairt don lón.

Bristear an lá scoile síos de ghnáth mar atá leagtha amach sa sampla a leanas. [An Roinn Oideachais]

Soláthair Speisialta do na Naíonáin agus do Rang a hAon 
Ceadaítear do scoileanna an lá scoile a laghdú aon uair a chloig amháin do leanaí sna ranganna naíonáin. Luíonn an cinneadh é sin a chur i bhfeidhm le Bord Bainistíochta na scoile. Ní bhíonn aon mhúinteoir díolmhaithe áfach freastal don tréimhse iomlán trí na soláthair speisialta do na naíonáin agus do rang a haon.

Bíonn imthosca eisceachtúla ann nuair a bhíonn orthu an scoil a dhúnadh, mar shampla Toghcháin Polaitíochta nuair a bhíonn an scoil in úsáid mar stáisiún vótaíochta nó i gcás drochchoinníollacha aimsire. Moltar gur chóir do bhainisteoirí scoile dul i mbun cainte go háitiúil le tuismitheoirí maidir leis na socruithe praiticiúla a bheadh i bhfeidhm nuair a bheadh an scoil le dúnadh ar fhógra gearr. [Ciorclán na Roinne Oideachais agus Eolaíochta 11/95, féach ar liosta Chiorcláin na Roinne anseo as Béarla]

Connect symbol
Add symbol

Sign up to our mailing list and text alerts